Выбрать главу

Cé nach raibh focal ó Bhríd, bhí sé soiléir do Chaitríona go raibh suim aici sa méid a bhí sí a rá. Ach bhí Caitríona ag cuimhneamh i gcaitheamh an ama ar an bhfainic a chuir a haintín uirthi agus í ag teacht isteach. Shocraigh sí gan a rá le Bríd go raibh sí féin agus Iain tithe amach le Séamas agus nach raibh aon phlé acu leis níos mó. Níor inis sí di gur chreid formhór mhuintir an oileáin, a ngaolta féin san áireamh, gurb é Séamas a d’ionsaigh Bríd féin agus a d’fhág i mbaol báis í. Agus níor dhúirt sí, ar ndóigh, go raibh na gardaí ag fiosrú na timpiste agus go gcaithfeadh Bríd féin tuairisc a thabhairt dóibh chomh luath agus a bheadh sí tagtha chuici féin arís.

Tar éis tamaill, ní raibh Caitríona in ann cuimhneamh ar aon nuaíocht eile a d’fhéadfadh sí a insint do Bhríd. Bhí sé ar bharr a goib aici rud eicínt a rá faoin taighde a bhí déanta ag Iain agus an t-eolas a bhí faighte aige faoin ngarda cósta agus a bhean Veronica, ach shocraigh sí gur cheart é sin a fhágáil le haghaidh lá eile. Sheas Caitríona agus chuir sí an chathaoir ar ais san áit a bhfuair sí í. Chuir sí a cóta uirthi agus d’iompaigh sí timpeall arís, agus nuair a d’iompaigh léim a croí. Bhí Bríd ag déanamh iarracht labhairt! Bhí sí ag déanamh tréaniarracht rud eicínt a rá léi!

Rith Caitríona anonn go dtí an leaba agus a croí ag preabadh. Chrom sí síos go gcloisfeadh sí ceard a bhí Bríd ag rá. Baineadh geit aistí nuair a thuig sí gur amhrán seachas caint a bhí ag teacht as beola a col ceathrar.

‘I know my love by his way of walking….’

Tharraing Caitríona siar de sciotán. An t-amhrán sin arís! An t-amhrán céanna a bhí á crá, é ar nós macalla ina cloigeann le mí anuas. Chuimhnigh sí gur chuala sí an t-amhrán ceannan céanna agus iad taobh amuigh den stáisiún an oíche ar gortaíodh Bríd. Chuala Iain chomh maith é. Cheap an bheirt acu ag an am gurb í Bríd a bhí ag gabháil fhoinn. Ach ní fhéadfadh sé gurb í! Nach raibh Bríd sínte ar chlár a droma faoin am sin?

‘A Bhríd,’ a dúirt sí anois. ‘A Bhríd! Ar airigh tusa an t-amhrán sin sa Station, an oíche ar gortaíodh thú?’

Bhí Bríd ag cur an-stró uirthi féin anois, í ar a seacht míle dícheall ag iarraidh na focla a bhí ina hintinn a mhúnlú. Cheap Caitríona gur chuala sí ‘Chonaic mé….’ Ach ní fhéadfadh sí mionnú…. ‘An bhfaca tú rud eicínt? Céard a chonaic tú, a Bhríd?’

‘Bríd….’

Ní fios cén díomá a bhí ar Chaitríona. Ní raibh Bríd ag caint i ndáiríre, ní raibh ann ach go raibh sí ag déanamh aithrise ar an rud a bhí ráite aici féin! Ar nós mar a bheadh naíonán ag cleachtadh focla nua…. Siúd isteach an banaltra.

‘An bhfuil tú ceart go leor, a stór?’ ar sise go lách le Bríd. Agus shocraigh sí na piliúir faoina ceann. Ansin labhair sí le Caitríona. ‘Éiríonn sí an-tuirseach, an dtuigeann tú, nuair a bhíonn cuairteoirí aici. Níl aon chleachtadh aici fós ar a bheith dúisithe an t-achar seo.’

Bhailigh an bhanaltra léi arís. Thuig Caitríona go raibh sí féin ceaptha a bheith ag imeacht chomh maith.

‘Tá mé chomh sásta, a Bhríd, go bhfuil biseach ag teacht ort,’ a dúirt sí. ‘Ach b’fhearr dom a bheith ag imeacht anois. Tiocfaidh mé aníos arís go gearr. Agus le cúnamh Dé is sa mbaile a bheas tú faoin am sin. Tabhair aire duit féin anois.’

Bhí Caitríona chomh fada leis an doras nuair a chuala sí an chaint taobh thiar di. Ní raibh aon duine eile sa seomra … an bhféadfadh sé…? D’iompaigh sí timpeall láithreach. Bhí Bríd suite aniar sa leapa! Agus bhí sí ag caint! Labhair sí go mall. Labhair sí go briotach. Ach mar sin féin thuigfeá céard a bhí sí ag rá!

‘Brídeog,’ a dúirt sí.’Chonaic mé … gúna pósta uirthi … sa bhfuinneog … ag gabháil fhoinn … bhain … bhain sí … geit … thit mé….’

Chuimhnigh Caitríona ar an eolas a bhí bailithe ag Iain faoi Veronica Thompson, ar cuireadh go teach na ngealt í de bharr go mbíodh sí suite sa bhfuinneog ag gabháil fhoinn agus í gléasta ina gúna pósta?

‘Chonaic tú taibhse, a Bhríd!’ a dúirt sí. ‘Taibhse Bhean Thompson. Tá mé cinnte de. Veronica a bhí uirthi.’

‘Veronica. Ainm deas … b’fhéidir….’ Bhí sí ag cuimhneamh uirthi féin ar feadh scaithimhín. ‘Sea,’ a dúirt sí ansin. ‘Taibhse. Taibhse Veronica a bhí ann.’

B’iontach an rí rá agus an gáirdeas a bhí san ospidéal ina dhiaidh sin. Ní raibh gá d’aon duine a bheith imníoch faoin othar óg níos mó! Bhí Bríd Ní Neachtain tagtha slán. Bheadh sí ar a seanléim arís sara bhfad.

Agus í ar a bealach abhaile ar an traein bhraith Caitríona go raibh sí tar éis dúiseacht as drochbhrionglóid. Bhí sí buíoch beannachtach gur oibrigh cúrsaí amach chomh maith seo. Ach bhí rud amháin ag cur ualach ar a croí. Bhí a fhios aici i gcónaí gur duine lách macánta a bhí i Séamas Jim. Níor chreid sí riamh na rudaí gránna a bhí ráite faoi. Ach tuige nár sheas sí leis? Tuige nach raibh sé de mhisneach inti dul i gcoinne na bhfainicí a chuir a tuismitheoirí uirthi agus a rá amach leis féin agus le chuile dhuine eile gur chreid sí go raibh sé neamhchiontach? Chaithfeadh sí glaoch ar Shéamas. Chaithfeadh sí a leithscéal ó chroí a ghlacadh leis. Ach an mbeadh sé sásta labhairt léi? An mbeadh sé sásta é a mhaitheamh di? Ní móide go mbeadh … agus ní chuirfeadh sí aon mhilleán air. Ach rachadh sí sa seans air. B’fhiú dul sa seans air.

Eagrán Clóite 2012

Eagrán Digiteach 2013

© Máire Uí Dhufaigh 2012, 2013

ISBN 978-1-909907-04-1 (Eagrán ePub)

ISBN 978-1-909907-05-8 (Eagrán Kindle

Gach ceart ar cosnamh. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin digiteach, leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.

Clóchur, dearadh agus pictiúr clúdaigh: Caomhán Ó Scolaí Ghnóthaigh an leabhar seo an chéad duais d’fhicsean do dhéagóirí i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2011

Tugann Foras na Gaeilge tacaíocht airgid do Leabhar Breac

Tugann an Chomhairle Ealaíon tacaíocht airgid do Leabhar Breac

Leabhar Breac, Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Teiclass="underline" 091-593592

leabharbreac.com