Выбрать главу

‘Nach maith go raibh a fhios agatsa faoi sin!’ a dúirt Séamas, ‘Tar éis nach mbíonn tú anseo ach píosa den samhradh!’

‘Nach bhfuil mé ag éisteacht le scéalta Mhamó ó bhí mé beag bídeach.’

‘D’airigh mise,’ a dúirt Séamas, ‘go raibh sé ag déanamh garraí taobh amuigh den Station. Chonaic go leor daoine é ag cartadh ann. Ach ansin lá arna mhárach bhí sé imithe gan tásc gan tuairisc!’

‘Meastú céard a tharla dó?’ a deir Caitríona.

‘Cuirfidh mé geall leat gur mharaigh duine eicínt é,’ a deir Iain. ‘Tá a fhios agaibh an ghráin a bhí ag muintir na hÉireann ar na Sasanaigh.’

‘Má tá an ceart agat,’ a deir Séamas, ‘d’fhéadfadh go bhfuil a chorp fós taobh amuigh ansin.’

Bhreathnaíodar ar fad anonn ar an bhfuinneog.

‘Ach b’fhéidir gurb iad a chuid cnámha atá faighte anois ag na seandálaithe,’ arsa Caitríona.

‘Éist! Ar airigh sibh é sin?’ a dúirt Iain.

‘Ná habair go bhfuil duine eicínt ag teacht,’ a dúirt Brid.

‘Fuist.’

D’éisteadar. Go grinn.

Bhí torann ann ceart go leor. Trup. Ar nós coiscéimeanna. Thuas os a gcionn. Anonn is anall. Anonn is anall. Ní raibh gig ná geaig as an gceathrar. Ach ansin stop an torann ar fad. Stop sé chomh tobann céanna agus a thosaigh sé.

‘Ní fhéadfadh sé gur duine a bhí ann,’arsa Séamas ansin. ‘Cén chaoi a ngabhfá suas agus gan aon staighre ann?’

‘Na diabhail de phréacháin,’ a deir Caitríona, cé nár chreid sí féin é. ‘Tá na céadta acu ann.’

‘Tá an áit seo ag cur rud orm,’ a dúirt Bríd. ‘An mbraitheann sibhse go bhfuil duine eicínt ag faire orainn?’

‘Dúirt mise é sin i bhfad ó shin,’ arsa Caitríona. ‘Ach is amhlaidh a bhí sibh ag spochadh asam.’

Ní raibh aon duine acu ar a suaimhneas anois. Thosaigh siad ag réiteach le himeacht.

‘Tá mé ag ceapadh go bhfuil sé ag déanamh aiteall ar aon chaoi,’ a deir Séamas.

‘An raibh a fhios ag do Mhamó tada eile faoin ngarda cósta?’ arsa Iain le Bríd agus iad ag bailiú a gcuid balcaisí.

‘Bhuel, dúirt sí go raibh sé pósta ach nár chreid a bhean go raibh aon cheo dona tarlaithe dó. Bhíodh sí suite sa bhfuinneog agus lampa aici. Ag fanacht go dtiocfadh sé abhaile.’

‘B’fhéidir gurb as sin a tháinig scéal an taibhse,’ a dúirt Séamas. ‘An raibh a fhios ag do sheanmháthair céard a tharla do bhean an gharda cósta? Cheapfá go mbeadh comhluadar nua ag teacht isteach sa teach agus go gcaithfeadh sí imeacht.’

‘D’fhiafraigh mé di, ach dúirt sí gurbh fhearr gan a bheith ag caint ar “rudaí mar sin”. Níl a fhios agam….’

Cuireadh isteach ar an gcaint nuair a lig Caitríona scréach aisti, sian uafáis a bhainfeadh an t-anam asat.

‘Go sábhála mac Dé sinn!’ a dúirt sí. ‘Tá rud eicínt ag corraí thall ansin. Thall sa gcúinne.’

Rug sí ar an tóirse a bhí leagtha ar an urlár, ach bhí a compánaigh ag cur na gcosa uathu.

‘Ná tosaigh ar an ealaín sin arís, a Chaitríona. As ucht Dé ort.’

‘Tú féin is do chuid drámaíochta. Sa Taibhdhearc ba chóra duit a bheith.’

Bhí a croí ina béal ag Caitríona. ‘Ach cén chaoi nach bhfeiceann sibh é? Tá sé ag corraí.’

‘Céard atá ag corraí?’

‘An leaba!’

Thosaigh sí ag útamáil, ag iarraidh an tóirse a chur ann. Ach bhí an oireadh creathadh ina láimh is gur sciorr an tóirse uaithi. Síos ar an urlár cloiche.

‘Tá súil le Dia agam nach bhfuil sé briste agat,’ a dúirt Séamas. Thriail sé an tóirse a chuir ann. Ach, mo léan, ní raibh ag teacht as anois ach ga beag solais. Scairt sé an solas seo isteach sa gcúinne, san áit a raibh Caitríona ag síneadh a méire. Ní raibh faic le feiceáil.

‘Tá solas agamsa ar an bhfón póca,’ a deir Iain.

‘Agus agamsa,’ arsa Bríd.

Tháinig an dá sholas ann ag an am céanna, agus chonaic siad go raibh an ceart ag Caitríona! Bhí an seanfhráma leapan, ar thugadar suntas dó níos túisce, ag éirí den talamh. Bhí sé ag éirí den talamh uaidh féin! Léim an ceathrar ina seasamh agus a gcroí ina mbéal acu. Ritheadar de sciotán amach as stáisiún an gharda cósta, ar nós dá mbeadh an diabhal é féin sna sála orthu.

Rith an ceathrar déagóir síos an cnoc ar cos in airde agus a gcroí ina mbéal acu. Nuair a shroicheadar an bóthar stopadar ag an solas a bhí amach ar aghaidh tigh Mhaidhc. Bhreathnaíodar ar a chéile gan focal a rá, giorra anála ar chuile dhuine acu.

Bhí Caitríona ag fanacht go labhródh duine eicínt faoin rud a bhí feicthe acu. Ach nuair a labhair Iain bhí ar nós nach raibh ann ach gnáthoíche. Cheapfá nach raibh tada tarlaithe!

‘An siúlfaidh muid abhaile leis na cailíní, a Shéamais?’ a dúirt sé.

‘Níl soilse ar bith ar an mbóthar sin acusan.’

Is ar éigin gur cheart bóthar a thabhairt ar an gcosán féarach a bheadh le siúl ag na cailíní.

‘Níl aon ghá, a lads,’ a dúirt Bríd láithreach. ‘Níl i bhfad le dhul againn agus tá seanchleachtadh againn ar an mbealach faoin am seo.’

‘Oíche mhaith mar sin, a chailíní,’ arsa Séamas. ‘Feicfidh muid amárach sibh.’

Agus thug sé féin agus Iain a n-aghaidh ar an mbóthar nua a bhí ag ceangal Bhaile na Leice le bailte eile an oileáin.

‘An bhfuil tusa dúr nó rud eicínt?’ a dúirt Caitríona le Bríd chomh luath agus a bhí na lads imithe.

‘Céard atá i gceist agat? Ar dhúirt mé rud eicínt nár cheart dom a rá?’

Rith sé le Caitríona ansin nár thuig Bríd céard a bhí ag dul ar aghaidh idir í féin agus Séamas. Bhí sí sórt soineanta. Mar a bhíonn chuile dhuine ag trí bliana déag.

‘Ó! Tada. Is cuma.’

Níor labhraíodar an chuid eile den bhealach. Shroich siad teach Mhamó ar dtús. Teachín deas ceann tuí a bhí ag Caitlín Liaimín. Thóg sí mac agus iníon sa teach seo, Sorcha, máthair Chaitríona, agus Maitiú, athair Bhríd. Faoin am ar phós Sorcha agus Peadar Ó Flatharta bhí Caitlín ina baintreach cheana féin agus theastaigh ón lánúin óg píosa chur as an seanteach agus cur fúthú ann. Nuair nár éirigh leo cead pleanála a fháil thógadar bungaló nua dóibh féin píosa beag suas an bóthar ó theach Chaitlín. Ní mó ná sásta a bhí Caitríona anois nuair a chonaic sí soilse an tí. Bhí chuile shúil aici go mbeadh a tuismitheoirí imithe a chodladh faoin am a dtiocfadh sí abhaile. Cé nach rabhadar baol ar chomh dian le tuismitheoirí eile, bhí sí ceaptha a bheith istigh roimh mheán oíche.

Ach ní fhéadfadh sí imeacht abhaile gan an oíche sin a phlé le Bríd.

Bhí a col ceathrar ag oscailt an gheata chomh ciúin agus a d’fhéad sí nuair a dúirt Caitríona: ‘A Bhríd, faoin rud a tharla sa stáisiún ar ball….’

D’iompaigh Bríd timpeall. ‘Tá a fhios agat, a Chaitríona, nár thaitin an áit liomsa ón soicind a ndeachaigh muid isteach ann,’ a dúirt sí. ‘Bhí rud eicínt faoi … ach ní fhéadfainn é a mhíniú ceart.’

‘Bhraith mise mar a chéile.’

‘Caithfidh sé go bhfuil taibhsí ann.’

‘Má tá a leithidí ann ar chor a bith.’

‘Ach cén míniú eile atá ar an rud a tharla leis an leaba? Agus an torann a bhí ann níos túisce?’

‘Níl a fhios agam…’

‘Fiafraigh tusa de Mhamó faoi. Agus faoin móta taobh amuigh de. Faigh amach an bhfuil aon rud aisteach tarlaithe ann, nó feicthe ann. Más taibhse a bhí ansin anocht bí cinnte nach muide an chéad dream a bhraith é.’

‘Maith go leor.’

‘Ach fainic an ligfeá ort féin go raibh muid istigh ann.’

‘Níl mé dúr, tá fhios agat.’

‘Tá a fhios agam nach bhfuil. Tá brón orm gur dhúirt mé é sin níos túisce.’