Выбрать главу

‘Tá sé alright. Oíche mhaith.’

Caibidil 2

Oileán na Leice Mí Iúil 1910

Bhí gairdín ó Veronica. Gairdín, a dúirt sí, a mbeadh bláthanna de chuile chineál ag fás ann—agus luibheanna. Gheobhadh sí na síolta í féin i mBaile Átha Luain. Agus ní thógfadh sé i bhfad ar na bláthanna agus na luibheanna fás. Bláthanna gleoite agus luibheanna cumhra a d’ardódh a croí nuair nach raibh le feiceáil aici timpeall uirthi ach leaca liatha agus farraigí cáite. Agus, dar ndóigh, an bháisteach a thit gan stop an t-earrach áirithe sin.

‘Áit dhuairc ghruama,’ a thug sí ar Stáisiún an Gharda Cósta agus go deimhin ar Oileán na Leice féin an chéad lá riamh ar leag sí cois ann. Alltacht uirthi go mbeadh trí bliana le caitheamh aici ina leithide d’áit. Áit ar ghlac sí col leis ó thús.

‘Bíodh foighid agat, a stór,’ a dúirt James léi an lá sin. ‘Níl sé chomh dona sin ar fad. Rachaidh tú ina chleachtadh, de réir a chéile. Tá mé cinnte de.’

Ach, mo léan, ní dheachaigh sí ina chleachtadh. A mhalairt ar fad a tharla. Ach ar cheart a bheith ag súil go ngabhadh sí ina chleachtadh? Bean óg a tógadh i mbaile mór? A raibh só agus compord an tsaoil aici ón lá ar rugadh í?

Ach anois bhí gairdín uaithi. Gairdín a mbeadh bláthanna de chuile chineál ag fás ann—agus luibheanna. Gheobhadh sí an gairdín. Gheobhadh sí mian a croí. Dhéanfadh James cinnte de go bhfaigheadh. Thosódh sé láithreach agus bheadh an gairdín críochnaithe aige sula dtiocfadh sí abhaile. Bheadh an gairdín ba deise agus ba chumhra in iarthar na hÉireann ag Veronica Thompson! Dhéanfadh James an méid sin agus i bhfad níos mó dá mba ghá le hardú croí a thabhairt dá bhean chéile. Le gáire a fheiceáil ar a béal arís agus an sonas in áit an bhróin ina súile gorma.

Leaca aolchloiche a bhí thart ar an stáisiún féin. Ach díreach os a chomhair amach bhí píosa talún nach raibh aon úsáid á bhaint as ag muintir an bhaile ná ag na gardaí cósta féin. Is anseo a dhéanfadh sé an gairdín. Ach ní raibh James i bhfad ag tochailt nó gur thuig sé go raibh an talamh lán le driseacha agus luifearnach agus go raibh an fód an-ghann go deo ann. Anuas air sin bhí sceach gheal ina cadhain aonraic díreach glan san áit a raibh rún aige an phlásóg a chuir. Ní raibh bealach ar bith go mbeadh fear cathrach ar nós James in ann an talamh garbh seo a ghlanadh leis féin. Bheadh lámh chúnta uaidh. Ach bhí a fhios aige cá bhfaigheadh sé an cúnamh sin. Chuirfeadh sé Andrew, mac a chomharsan síos le glaoch ar Thomás Ó Dónaill. Bhí a fhios aige go raibh a shaol caite ag Tomás ag plé le hobair den tsórt seo. Ach níos tábhachtaí fós bhí sé i measc an dornán beag de bhunú na háite a bhíodh sásta aon bhaint a bheith acu leis na gardaí cósta. Fear breá láidir, a raibh lán an tí de ghasúir aige, a bhí i dTomás Ó Dónaill. Bhí sé beo bocht, é ina chónaí i dteachín beag bídeach ar cheann thoir na trá. Teach nach raibh a dhath níos mó ná scioból. Is é Tomás a bheadh buíoch beannachtach as an luach saothair a thabharfadh James dó ag deireadh an lae.

Sea, a dúirt James leis féin agus é ag fanacht leis an Dónallach, ní bheadh an bheirt acu i bhfad ar chor ar bith ag réiteach na talún. B’fhéidir go mbeadh sé críochnaithe acu roimh thráthnóna. Amárach thógfaidís claí deas cloiche timpeall ar an áit. Timpeall ar Ghairdín Veronica.

Ach ní raibh an scéal chomh simplí sin, faraor. Ba bheag nár thit an t-anam as Tomás Ó Dónaill nuair a chonaic sé an áit a raibh an garda cósta ag cartadh. Bhain sé de a chaipín speice agus choisric sé é féin.

‘Dia idir sinn agus an anachain! Ní fhéadfaidh tú an móta a chartadh,’ a dúirt sé agus creathadh ina ghlór. ‘Tá mallacht ar an áit sin. Bhí riamh sa saol. Agus nach bhfeiceann tú an sceach gheal…?’

Bhreathnaigh James ar an móta a raibh an fear ag caint faoi. Bhreathnaigh sé ar na clocha caola arda a bhí ina seasamh ar a gcorr timpeall ar an móta. Chonaic sé go raibh tuilleadh clocha cosúil leo tite ar a dtaobh sa bhféar.

Ansin bhreathnaigh sé ar na leaca loma a bhí timpeall an stáisiúin. Lig sé osna as.

‘Ach inis dom, cén rogha eile atá agam? Níl mo dhóthain fóid in aon áit eile. Agus ní féidir garraí a dhéanamh ar leaca loma. An féidir? Nó an bhfuil plean eicínt eile agatsa?’

Nuair nár fhreagair Tomás é chrom James síos agus thosaigh sé ag cartadh ar a mhíle dícheall. Má bhí faitíos ar Thomás cúnamh a thabhairt dó de bharr pisreoga Oileán na Leice dhéanfadh sé an jab leis féin. Thógfadh sé níos faide air. Sin cinnte. Ach dhéanfadh sé é. Nuair a bhreathnaigh sé arís bhí Tomás Ó Dónaill bailithe leis gan a dhath eile a rá.

D’fhan James nóiméad agus é ag faire ar an bhfear a bhí ag imeacht ar cosa in airde uaidh síos le fána an chnoic. Ansin, rug sé ar a spáid agus thosaigh sé ag obair.

‘Bíodh an diabhal aige,’ a dúirt sé. ‘É féin agus a chuid pisreoga. Déanfaidh mé liom féin é. Fiú má bhriseann sé mo chnámha.’

Bhí gairdín ó Veronica Thompson. Agus gheobhadh sí é.

Caibidil 3

Oileán na Leice Mí Iúil 2012

‘B’aoibhinn liom an jab atá ag Antaine,’ a dúirt Iain. ‘B’fhéidir go gcuirfidh mé isteach air nuair a éireoidh seisean as.’

Suite ag bord taobh amuigh de Chaifé Cois Trá a bhí an ceathrar lá arna mhárach agus iad ag breathnú síos ar an trá.

‘Agus cén uair é sin?’ a d’fhiafraigh Bríd de.

‘Ó tar éis cúpla bliain eile, is dóigh,’ a deir Iain. ‘Nuair a bheas an chéim críochnaithe aige.’

Taobh amuigh dá bhothán a bhí an garda tarrthála, Antaine Mac Giolla Easpaig, agus é ag coinneáil súil ghéar ar ghrúpa déagóirí a bhí ag tumadóireacht de na hailltreacha. Bhí sé ag faire freisin ar na páistí beaga a bhí ag lapadaíl i mbéal na taoille agus gach liú astu.

Bhí Caifé Cois Trá an-chruógach. Turasóirí lae ba mhó a bhí ann agus iad i scuaine fada ag fanacht go ndéanfaí freastal orthu. Páirceáilte díreach taobh amuigh bhí na mionbhusanna a thabharfadh na turasóirí céanna go dtí an dún agus an teampall stairiúil a bhí ar an taobh thiar den oileán. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch. Cé gurbh aoibhinn an radharc iad ba léir gur bheag an dul chun cinn a bhí á dhéanamh ag na gleoiteoga a bhí ar a mbealach trasna an chuain.

‘Mo chuimhne, ar éirigh leat a dhul isteach i ngan fhios do Mhamó?’ a d’fhiafraigh Caitríona de Bhríd.

‘D’éirigh. Nuair a thógann sí na “tablets” nua is deacair í a dhúiseacht. Cén chaoi a ndeachaigh ortsa?’

‘Bhí Daid fós ina shuí. Thosaigh sé ag cur dhe faoi chomh deireanach agus a bhí mé. Ach dúirt mé leis go raibh céilí mór ann.’

Shiúil slua de scoláirí an choláiste tharstu ar an mbealach chuig an trá.

‘Conas atá sibh?’ a deir cailín amháin leo go gealgháireach.

‘An í sin í? An cailín ó aréir?’ a fhiafraigh Iain de Shéamais.

‘Dheara … ní raibh aon chailín i gceist. Is amhlaidh a bhí mé ag castáil le mo Dhaid. Tháinig sé isteach ar bhád an tráthnóna.’

Trí bliana roimhe sin scar tuismitheoirí Shéamais ó chéile. Tamall ina dhiaidh sin d’fhág a athair an t-oileán agus chuir sé faoi ar an tír mhór.

‘Agus tuige nár dhúirt tú é sin?’ arsa Bríd. ‘Agus muide ag ceapadh….’

‘Bhuel bhí mé cineál trína chéile ag an am. Bhí scéal nuaí aige dom. Scéala a bhain siar asam. Agus ní raibh fonn orm a bheith ag caint faoi.’

‘Tá súil agam nach bhfuil sé tinn ná aon cheo,’ a deir Caitríona.

‘Dheara, níl. Ach tá a fhios agat gur dhún an monarchan a raibh sé ag obair ann istigh i nGaillimh. Tá sé as obair ó shin. Tá jabanna gann, an chaoi a bhfuil an tír le píosa. Bhuel, ar aon chaoi, tá sé tar éis jab a fháil anois.’